Beidh cruinniú againn sa halla ar an gCéadaoin 6 Samhain ag 19.00 chun beirt ainmní a roghnú don BHord Bainistíochta nua ó phobal tuismitheoirí na scoile. Caithfear athair agus máthair a roghnú. Tosnóidh ré an Bhoird nua ó Mhí na Nollag agus leanfaidh sé ar feadh ceithre bliana.
Chun tuiscint a bheith agaibh ar an ról, seo roinnt pointí a chabhróidh libh!
- Ceaptar bord bainistíochta bunscoile ar feadh téarma ceithre bliana. Is é téarma oifige na mbord bainistíochta nua ón 1 Nollaig 2019 go dtí an 30 Samhain 2023.
Bainistíonn an Bord an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé freagrach don phátrún agus don Aire. Is é an Príomhoide atá freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena náirítear na múinteoirí agus an fhoireann eile a threorú agus a stiúradh, agus tá sí/sé
cuntasach as an mbainistíocht sin.
Ní mór do gach bord bainistíochta bunscoile a théann i mbun oifige ón 1 Nollaig 2019 ar aghaidh cloí le forálacha Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2019 – 2023.
Aithnítear go mbíonn ag na Boird is éifeachtaí tuiscint shoiléir ar a ról agus ar a bhfreagrachtaí agus go gcinntíonn siad go gcomhlíontar iad sin freisin. Is féidir le hoiliúint do bhaill na mBord a bheith an-tábhachtach i dtaca leis seo. Mar sin moltar go láidir do bhaill na mBord leas a bhaint as an oiliúint a chuirtear ar fáil, lena n-áirítear oiliúint a chuireann na Comhlachtaí Bainistíochta ar fáil agus an BOO cuí i gcás pobalscoileanna náisiúnta.
Ní mór don Bhord cur chuige dírithe ar an leanbh a ghlacadh ina chuid oibre ar fad.
Caithfidh sé aird a bheith aige freisin ar leas éifeachtúil a bhaint as acmhainní (go háirithe na deontais a chuireann an Stát ar fáil), ar leas an phobail i ngnóthaí na scoile agus archuntasacht do scoláirí, dá dtuismitheoirí agus don phobal. Ina theannta sin, caithfidh an Bord spiorad sainiúil (éiteas) na scoile a chosaint agus a bheith cuntasach don phátrún as sin a dhéanamh.
Tá sé tábhachtach ón tús go n-aithníonn an Bord go cúramach an ról atá aige agus na freagrachtaí atá air agus go n-aithneodh sé na príomhghníomhaíochtaí agus na tosaíochtaí a ndíreofar orthu le linn a théarma oifige. Beidh na gníomhaíochtaí agus na tosaíochtaí sin difriúil ó scoil go scoil ag brath ar chúinsí na scoile.
- Déantar gnó an Bhoird go hiomlán trí mheán na Gaeilge- is féidir linn cabhrú leat má tá do chuid Gaeilge meirgeach.
- Toghfar athair agus máthair don Bhord mar ainmní na dTuismitheoirí. Ní IONADAÍ na tuismitheoirí atá i gceist anseo. Nuair a bhíonn siad toghfa, is cuid de Aonad Corpartha an Bhoird iad, mar aon leis an bheirt ainmní ón bhfoireann, an bheirt ainmní ón bPobal agus beirt ainmní an Phátrúin.
Ag an gcruinniú seo ar an 6 Samhain, lorgóimid ainmnithe uaibhse, na tuismitheoirí, do na rólanna seo.
Ag an gcruinniú lorgófar ainmniúcháin do phainéal máithreacha agus painéal aithreacha araon. Is féidir le tuismitheoirí iad féin a ainmniú agus ní mór do dhuine amháin atá ag freastal ar an gcruinniú tacú le gach ceann de na hainmniúcháin.
Mura bhfuil ach aon ainmnitheach amháin do cheachtar painéal, measfar an tainmnitheach/ na hainmnithigh a bheith tofa.
Má fhaightear níos mó ná ainmniúchán amháin do cheachtar painéal, tionólfar rúnbhallóid ag an gcruinniú. Ceapfar beirt áiritheoirí chun na vótaí a chomhaireamh.
Beidh vóta neamh-inaistrithe amháin do gach painéal ag gach duine a bheidh ag vótáil
Déanfar na vótaí a chomhaireamh go poiblí.
Déanfar an toghchán a chinneadh ar iolrach vótaí (i.e. córas an chéad duine abhaile)
I gcás comhionannas vótaí idir ainmnithigh, cuirfear ar crainn é chun toghadh an ainmnithigh/na n-ainmnitheach a chinneadh. Mar sin féin, i gcás ina ndearnadh an bhallóid ag cruinniú agus inar aontaigh tromlach na vótálaithe a bhí i láthair agus a chaith vóta, é, toghfar an t-ainmnitheach/na hainmnithigh trí vótáil arís ag an gcruinniú sin.
Beidh vóta dá leithéid teoranta do na hainmnithigh chomhionanna.
There will be a meeting on Wednesday 6 November at 19.00 in the halla to select two nominees for the new Board of Management from amongst the parent community. We have to select one mother and one father. The new Board of Management's four year term will begin at the beginning of December 2019. All parents are welcome at the meeting.
Here is some information about the role of the Board and how we operate.
- Boards of management of primary schools are appointed for a four year term. The term of office for new boards of management is from 1 December 2019 to 30 November 2023.
The Board manages the school on behalf of the patron and is accountable to the patron and the Minister. The principal is responsible for the day-to-day management of the school, including guidance and direction of the teachers and other staff of the school, and is accountable for that management.
All boards of management of primary schools assuming office from 1 December 2019 onwards are required to adhere to the provisions of the Governance Manual for Primary Schools 2019 – 2023. It is acknowledged that the most effective Boards also have a clear understanding of their role and responsibilities and ensure that these are fulfilled. Training for Boards can play an important role in this regard. Board members are therefore strongly advised to avail of the training that is provided, including training provided by the Management Bodies and the relevant ETB in the case of community national schools.
The Board should adopt a child-centred approach to all of its work. It must also have regard to the efficient use of resources (particularly the grants provided by the State), the public interest in the affairs of the school and accountability to students, parents and the community. The Board must also uphold the characteristic spirit (ethos) of the school and is accountable to the patron for so doing.
It is important that from the outset, the Board carefully considers its role and responsibilities and identifies the key activities and priorities that it will address during its term of office. These will vary from school to school depending on the school’s individual circumstances.
- The Board operates through Irish- all meetings are held in Irish. We can of course help you if your Irish is a bit rusty!
- One father and one mother will be selected as parent nominees on the Board. They are not parent representatives. Once selected to the Board, they are part of the corporal unit that is the Board, as are the two staff nominees, Community nominees and Patron nominees.
At our meeting on the 6 November, we will be filling the two parental nominee roles.
At the meeting nominations will be invited for both a mothers' panel and a fathers' panel. Parents may self-nominate and each nominee must be seconded by a person in attendance at the meeting
If there is only one nominee for either panel, the nominee(s) shall be deemed to be elected.
If more than one nomination is received for either of the panels, a secret ballot shall be held at the meeting or subsequently. Two tellers shall be appointed to count the votes.
Each person voting shall have one, non-transferable vote for each panel.
The votes shall be counted in public.
The election shall be determined on a plurality of votes (i.e. the first past the post system).
In the event of a tied vote between nominees the election of the nominee(s) shall be determined by the drawing of lots. However, where the ballot has been conducted at a meeting and where agreed by the majority of voters present and voting therein, the election of the nominee(s) shall be determined by a further vote at that meeting. Such a vote shall be confined to the tied nominees.