Bád “Team Power of 1”

https://teampowerof1.com

Tháinig tuismitheoirí Saoirse agus Riain Ó Drisceoil isteach chun na scoile ar an 11/10/24 le bád CREAN a thaispeáint dúinn uilig. Tá John ag rámhaíocht trasna an Atlantaigh in éineacht le ceathrar eile in ómós a iníon, Saoirse, a cailleadh i mí Aibreán 2024. B’inspioráid í Saoirse dúinn uilig agus is inspioráid fós í, do na fir chróga, láidre seo atá chun an tAtlantach a thrasnú i mbád rámhaíochta! Féach thíos roinnt pictiúir.