Bord Bainistíochta

Déanann an Bord Bainistíochta bainistiú ar an scoil ar son an phátrúin. Cinntíonn siad go bhfuil timpeallacht glan, sábháilte foghlama ar fáil do na páistí. Cuireann siad acmhainní ar fáil nuair a bhíonn an t-airgead sa bhuiséad acu. Tugann siad faoi phleanáil pholasaithe agus ábhair in éineacht le foireann na scoile agus tuismitheoirí na scoile. Cinntíonn siad go bhfuil airgead na scoile agus deontaisí na Roinne caite sa chuí ceart.


Is Aonán Corparáideach an Bord Bainistíochta. Bíonn ochtar ar an mBord, beirt roghnaithe ón bpobal, beirt ón bhfoireann, beirt ó thuismitheoirí na scoile agus beirt curtha isteach ag an bPátrún. Nuair a bhíonn an t-ochtar tofa, níl siad mar ionadaithe níos mó, ach mar ghrúpa aontaithe ag obair ar son na scoile. Déanann an Bord Bainistíochta a cuid gnó ar fad trí Ghaeilge. Bíonn toghcháin do na Boird gach 4 bliain.

 

Baill an Bhoird 2023-2027 /Board Members 2023-2027

  • Cathaoirleach: Michael Stacey
  • Ionadaí an Fhorais: Matt Ó Domhnaill
  • Cisteoir: Deirdre Cully O’Byrne
  • Rúnaí: Ciara Uí hÉilí
  • Ionadaí na Múinteoirí: Aisling Nic Fhinn
  • Tuismitheoirí: Deirdre Cully O’Byrne & Brian McLoughlin
  • Ón bPobal: Gráine Uí Cheallaigh & Stiofán Bairéad
  • Teagmháil/Contact: cairdegser@gmail.com